Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA3043 - LOG FOGHLAMA 3

Year Last Offered:

2023/4

Hours Per Week:

Lecture

0

Lab

0

Tutorial

1

Other

0

Private

4

Credits

3

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Is í aidhm an mhodúil seo ná tógáil ar scileanna dianmhachnaimh, féinanailíseacha agus staidéir an mhic léinn. Leagfar an-bhéim ar litríocht na sprioctheanga, conas fiúntas acmhainní litríochta ar-líne agus i gcló a mheas agus an smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheacht a threisiú. Aidhm eile leis an modúl ná cur le feasacht chultúrtha agus le forbairt phearsanta an mhic léinn trí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí lasmuigh den tseomra ranga agus Sulis agus sa Ghaeltacht (nó ag ócáid Ghaelach) ach go háirithe. Tarraingeofar ar thaithí na mac léinn ar an bhfoghlaim chumaisc agus forbairt a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as uirlisí foghlama ar-líne chun caighdeán a gcuid foghlama a chur chun cinn agus chun cleachtadh scríbhneoireachta a fháil i ngníomhaíochtaí blagadóireachta ach go háirithe. [Translation for internal use only] The module aims to build upon the reflective, self-evaluation and study skills of students. The focus is on literature as a resource for the language learner, evaluating both online and print reading materials, and developing critical and creative thinking in relation to both. A further aim of the module is to build on students' cultural awareness and personal development during activities beyond the classroom and VLE, and in the Gaeltacht (or at an Irish-medium cultural event) in particular. They will draw upon their experiences of a blended learning approach to further utilise online learning tools to develop the quality of their learning, and to practise writing skills in particular through blogging activities.

Syllabus:

Forbairtí maidir le scileanna staidéir agus tuiscintí ar an bhfoghlaim fhéinriartha; an litríocht, an t-idirlíon agus na meáin chlóite agus chraolta mar acmhainní don fhoghlaimeoir neamhspleách; ag roghnú acmhainní léitheoireachta; buanna agus dushláin a bhaineann le litríocht sa Ghaeilge don fhoghlaimeoir neamhspleách; straitéisí saibhriú foclóra; forbairt ar scileanna scríbhneoireachta trí bhlaganna a úsáid (scríbhneoireacht chruthaitheach); mise agus an Ghaeilge - blagchuntas scríofa / fuaime; tréimhse foghlama sa Ghaeltacht (3); cuntas blagadóireachta ar mo thaithí sa Ghaeltacht; anailís chriticiúil ar dhul chun cinn sna ceithre scil teanga agus sna tuiscintí ar an bhfeasacht chultúrtha. [Translation for internal use only] Developments in study skills and understanding of autonomous learning; literature, the internet, broadcast and print media as resources for the independent Irish language learner; selecting reading resources; strengths and challenges associated with Irish language literature for the independent learner; strategies for enriching vocabulary; improving writing through the use of blogs; improving writing through creative writing; what my language means to me - audio/ written blog; Gaeltacht-based learning experience (3); my immersion excursion blog account of time spent in the Gaeltacht; critical analysis of progress in the four language skills and insights relating to cultural awareness.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Agus an modúl seo críochnaithe go rathúil ag an mac léinn, beidh sé/sí in ann: anailís chriticiúil a dhéanamh ar a d(h)ul chun cinn mar fhoghlaimeoir sna ceithre scil teanga agus ar an bhforbairt ar a c(h)uid tuiscintí ar an bhfeasacht chultúrtha i gcomhthéacsanna lasmuigh den tseomra ranga, sa Ghaeltacht san áireamh; iniúchadh a dhéanamh ar bhuanna/laigí ábhar Gaeilge ón litríocht, ó na meáin chlóite, ó na meáin chraolta agus ón idirlíon mar acmhainní foghlama don fhoghlaimeoir neamhspleách [B2, CEFR]; na deacrachtaí cruinnis is mó a bhíonn aige/aici san aistriúchán agus sa scríbhneoireacht acadúil Gaeilge a mheas agus a thuairisciú; agus a c(h)umas chun an chruthaitheacht agus an machnamh neamhspleách a léiriú i gcur i gcrích na dtascanna agus sna tuairiscí blagadóireachta ach go háirithe. On successful completion of this module, the student will be able to: critically analyse his/her progress in the four language skills and developments in terms of cultural awareness in contexts beyond the classroom, Gaeltacht context included; critically evaluate the benefits and challenges of Irish language material from literary resources, broadcast and print media, and online for the independent learner; (B2, CEFR) assess and then report on the common accuracy errors he/she makes in translation and in academic writing; and exhibit creative and independent thinking in completing module tasks, and in blog writing in particular.

Affective (Attitudes and Values)

Agus an modúl seo críochnaithe go rathúil ag an mac léinn, beidh sé/sí in ann: meas ar luach an chomhphlé agus ar an bhféinmhachnamh san fhoghlaim fhéinriartha a léiriú. On successful completion of this module, the student will be able to: express an appreciation of the value of collaborative discussion and self-reflection in self-directed language learning.

Psychomotor (Physical Skills)

N/A

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Cuirfear an modúl i láthair trí chur chuige cumaisc a úsáid ina dhéanfaidh foghlaimeoirí tascanna sioncronacha agus aisioncronacha a chur i gcrích go leanúnach thar tréimhse dhá sheimeastar. Bainfidh na mic léinn úsaid as uirlisí foghlama fíorúla chun iad a chumasú ar mhodhanna cumarsáide, chun teacht ar ábhair, doiciméadú a dhéanamh ar a gcuid taithí foghlama pearsanta, agus chun glacadh le haiseolas ar na tascanna agus fóraim ar-líne. Beidh tascanna seachtainiúla le déanamh ag na foghlaimeoirí agus gheobhaidh siad aiseolas ar chomhréir, ar bhotúin ghramadaí, ar litriú, ar an scríbhneoireacht acadúil agus ar an saibhriú teanga. Cuirfear treoracha soiléire ar fáil ar Sulis ag tús gach seachtain maidir leis an tasc agus tacófar leis na mic léinn san fóraim chainte. Beidh fáil ar acmhainní ábhartha ar an suíomh ag an mac léinn. Beidh turas Gaeltachta mar chuid lárnach den mhodúl. Tarraingíonn an modúl ar thaighde atá déanta i réimse foghlama an dara teanga (Dörnyei and Skehan, 2003; Ellis 2007) ina gcuirfear béim ach go háirithe ar an Dea-Fhoghlaimeoir Teanga (Naiman et al, 1995; Griffiths, 2008). Cuirfear torthaí taighde a bhaineann le taighde tráthúil ar an dea-fhoghlaimeoir Gaeilge (Ní Chlochasaigh, 2014) i bhfeidhm i dteagasc an mhodúil. Cuirfear béim ar ról an inspreagtha agus an aitheantas teanga i gcás foghlaim an dara teanga (Dörnyei and Ushioda, 2009) ach go háirithe maidir le plean fadtéarmach foghlama a ullmhú. Tugfar aird ar thaighde maidir le próiséis léitheoireachta agus éisteachta (Cook, 2008) chomh maith le cur chuigí tasc-bhunaithe sa láithreoireacht teanga (Ellis, 2003). Áireofar an taighde comhaimseartha ar an nua-chainteoir Gaeilge (Walsh et al. 2015) chomh maith le suntas a thabhairt ar ról an chultúir i bhfoghlaim na teanga mhionlaigh (Flynn, 2013). Aithneofar na forbairtí nuálacha maidir le foghlaim ionduchtach na gramadaí agus fócas ar fhoirm (Ó Duibhir et al. 2016; Ó Ceallaigh, 2013), chomh maith le torthaí taighde ar úsáid blaganna mar thasc machnamhach san fhoghlaim teanga (Riordan, 2013. [Translation for internal use only] The module will be delivered in a blended learning capacity where continuous synchronous and asynchronous tasks will be organised for the learner over tow semesters. Virtual learning tools on Sulis will aid learners in fostering methods of communication, accessing content, documenting their personal learning experience and receiving constructive feedback through the online forums and lessons. Students will be required to carry out weekly tasks, and formative feedback will be provided to students on each task in terms of syntax, grammar inaccuracies, spelling errors, academic writing skills and language enrichment. A clear and concise guide to lessons and tasks to be logged will be published on the virtual learning site at the beginning of every week and support will be available through the discussion forums. Relevant resources will be uploaded for download on the module site. A Gaeltacht trip will form a core element of the module.

Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):

Prime Texts:

Mynard, J & Carson. L (2012) Advising in Language Learning , Harlow: Pearson Education Limited.
Riordan, E. (2013) Online Reflections: The Implementation of Blogs in Language Teacher Education. In Farr, F. & Moriarty, M. (ed.) Language, Learning and Teaching: Irish Research Perspectives. , Berlin:Peter Lang.
Nic Pháidín, M. (2016) An tIriseoir , Cois Life: BÁC.
Pritchard Newcombe, L. (2009) Think Without Limits: You CAN speak Welsh , Llanrwst:Gwasg Carreg Gwalch.

Other Relevant Texts:

Ua Laoghaire, P. agus Uí Lionáird, M. (2011) Séadna , Cois Life: BÁC.
Ó Muirthile, L. (2000) Gaothán , Cois Life: BÁC.

Programme(s) in which this Module is Offered:

Semester - Year to be First Offered:

Module Leader:

deirdre.niloingsigh@ul.ie